Nell Ní Chróinín - An Lacha Bacach + Liricí | Tigh Buckley, Cill Áirne | Geantraí 2008 | TG4
TradTG4 TradTG4
53.7K subscribers
7,169 views
0

 Published On Apr 20, 2019

Tigh Tábhairne Uí Bhuachalla, Cill Áirne, Co Chiarraí : Nell Ní Chróinín as Béal Átha'n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí & faighteoir Amhránaí na Bliana, Gradam Ceoil TG4 i 2012, í anseo leis an amhrán An Lacha Bacach don sraith Geantraí ar TG4.

Buckley's Bar, Killarney, Co. Kerry : Recipient of TG4 Singer of the Year Award in 2012 : Cork sean nós singer from Bailingeary, Co. Cork, Nell Ní Chróinín :

An Lacha Bacach : Irish Song Lyrics : Na Foacil : Na Liricí :

A chréatúirín leóinte is brón liom do dhreach,
Im’ choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach,
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat ,
`S do lapa beag gleoite dár ndóigh na dhá leath.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat,
`S do lapa beag gleoite dár ndóigh 'na dhá leath.

An t-asal is dócha a thug tú le speach.
Is greadadh go deo air ba mhór é a theaspach ,
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air ,
Is ceangal naoi ló air cois teorainn na staic.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air,
Is ceangal naoi ló air cois teorainn na staic.

Tar liomsa im’ dhóid chun go dtomhaisfead do chneá,
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac bhac ,
Idir bhriseadh `gus leonadh tá ainnise mhór ort ,
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Idir bhriseadh `gus leonadh tá ainnise mhór ort ,
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Cad a dhéanfad amáireach is cás liom é a mheas,
Gan an t-ubh gorm bhreá mar ba ghnáth chun bricfeast ,
Is easnamh dom shláinte an bascadh-sa tá ort ,
Ach foighne ‘sé is fearr air, mo lacha bhacach.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Is easnamh dom shláinte an bascadh-sa tá ort,
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bhacach.

Stopadh lochán duit go snámhfir amach ,
‘Sé an t’iochluibh is fearr é do lacha bacach ,
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann ,
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann ,
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.

show more

Share/Embed