Piano Man - as Gaeilge (Fear an Phianó)
Chris and Dave Chris and Dave
1.53K subscribers
11,912 views
287

 Published On May 15, 2016

Piano Man - as Gaeilge (Fear an Phianó)

Tá sé thart ar a naoi ar an Satharn
Gnáth dhream ag teacht isteach,
Tá seanfhear suite in aice liom,
Ag titim i ngrá lena dheoch.

D’iarr sé orm sean phort a chasadh dó
Ní raibh fhios aige cén tiúin a bhí air,
Ach ceann brónach a bhí, lan le grá is le brí,
Tá sé caillte anois aige faraor.

Oh la la la....

Cas amhrán dúinn fear an phianó
Cas amhrán dúinn anocht.
Tá fonn deas álainn uainn uilig,
Is’ tú ag griosú mo chuid samhlaíocht.

Faighim deoch saor in aisce ó chara liom
Sean Óg atá taobh thiar den bhéar,
Tá sé lán leis an gcraic, gus’ ag caitheamh tobac,
Ach b’fhearr leis bheith áit éigean níos fearr.

“Táim cráite ag an saol crua seo”
Agus cailleann sé misneach gus’ spraoi,
“Táim cinnte go bhféadfainn bheith i mo realta scannáin
Ach mé san áit seo, in isle brí.”


Oh la la la ...

Anois Paul is fear gairmiúil, saibhir é,
Gan chlann, gan bhean is’ gan ghrá,
Tá sé ag labhairt le Daithí, atá in sclábhaí,
Don airm agus beidh sé go brách.

Tá cailín óg ag cleachtadh a chuid cliúsaíocht
Ag roinnt deoch uaigneach le fir Ghnó,
Agus slabhrán anois ag teacht orthu arís
Is iad gan mothú gan grá ach fós beo

Curfá

Bíonn slua deas ann ar an Satharn
Tugann an bainisteoir aitheantas dom,
Mar tá daoine anois, uilig ag eisteacht
Leis an gceol, ag roinnt oíche mhall liom.

Gus’ fuaim bríomhar ag teacht ón stáitse seo
Boladh beorach ag teacht ón maidhc.
Tá na leaids ag an mbéar ag ól leis an seanfhear
Ag rá “céard atá ar siúil agat a phleaic!”

Oh la la la….
Curfá

show more

Share/Embed