Published On Feb 17, 2020
Tá difríocht mhór amháin idir an Mhaighdean Mhara agus aon cheann eile de bháid mhóra Chonamara. Sí an t-aon bád mór í atá déanta ag an gclann a bhfuil sí acu fós - clann Mhic Dhonnchadha nó clann Johnny Jimmy Pheaitsín as an gCuilleán, An Cheathrú Rua. Tá rud eile freisin ag baint léi, sí an bád mór deireadh í a tharraing móin go hÁrainn as Conamara ag tús na seachtóidí, timpeall 1972. As Caladh Thaidhg a bhíodh sí ag tarraingt.
show more