Bríd Óg Ní Mháille
Eabha Mc Mahon Eabha Mc Mahon
4.62K subscribers
3,450 views
162

 Published On Mar 17, 2023

https://linktr.ee/avaworld - available to stream now

Is a Bríd Óg Ní Mháille
'S tú d'fhág mo chroí cráite
'S chuir tú arraingeacha
An bháis fríd cheartlár mo chroí
Tá na céadta fear I ngrá
Le d'éadan ciúin náireach
Is go dtug tú barr breáchtacht'
Ar Thír Oirghiall más fíor

Níl ní ar bith is áille
Ná'n ghealach os cionn a' tsáile
Ná bláth bán na n-airne
Bíos ag fás ar an draighean
Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa
Níos trilsí le breáchtacht
Béilín meala na háilleacht'
Nach ndearna riamh claon

Is buachaill deas óg mé
'Tá triall chun mo phósta
'S ní buan i bhfad beo mé
Mura bhfaighidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín
Déan réidh agus bí romhamsa
Cionn deireanach den Domhnach
Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh

show more

Share/Embed