Liam Ó Maonlaí - Amhrán na hEascainne | Port Orkney | TG4
TradTG4 TradTG4
53.7K subscribers
141,687 views
0

 Published On Apr 5, 2017

Liam Ó Maonlaí sings 'Amhrán na hEascainne' [also known as An Tiarna Randall] on an episode of the TG4 series Port, recorded in 2017. Lyrics below. He is accompanied by Muireann Nic Amhlaoibh (Flute), Julie Fowlis (Harmonium), Seán Óg Graham (Guitar), Hazel Wrigley (Guitar), Jennifer Wrigley (Fiddle) and Liz Carroll (Fiddle).

Amhrán na hEascainne á chanadh ag Liam Ó Maonlaí agus a chairde ar an gclár Port, a taifeadadh ar Inse Orc sa bhliain 2017 do TG4. Liricí thíos.

Tá Port ar fáil ar Sheinnteoir TG4 am ar bith, ar fud na cruinne / Port is available to watch on the TG4 Player - Watch anytime, anywhere all over the world 🌎🎶 ➡️ https://bit.ly/38Tjv4W

Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on YouTube / Glac síntiús chuig cainéal ceoil TG4 ar YouTube ➡️ http://bit.ly/2V8xyBG

#Port #TG4 #TradTG4 #CeolTG4

Amhrán na hEascainne

Cá raibh tú ó mhaidin, a dheartháirín ó?
Cá raibh tú ó mhaidin, a phlúr na bhfear ó?
Bhí mé ag iascach ’s ag foghlaeireacht,
Cóirigh mo leaba dhom,
Tá mé tinn fó mo chroí agus ligidh dhom luí.

Céard a d’ith tú ar do dhinnéar, a dheartháirín ó?
Céard a d’ith tú ar do dhinnéar, a phlúr na bhfear ó?
Ó, eascann a raibh lúb uirthi,
Nimh fuinte brúite uirthi,
Tá mé tinn fó mo chroí agus bead go deo deo.

Céard fhágfas tú ag do dhaidí, a dheartháirín ó?
Céard fhágfas tú ag do dhaidí, a phlúr na bhfear ó?
Ó, eochair mo stábla aige,
Sin ’s mo láir aige,
Tá mé tinn fó mo chroí agus bead go deo deo.

Céard fhágfas tú ag do dheartháir, a dheartháirín ó?
Céard fhágfas tú ag do dheartháir, a phlúr na bhfear ó?
Ó, eochair mo thrunc aige,
Sin ’s míle punt aige,
Tá mé tinn fó mo chroí agus bead go deo deo.

Céard fhágfas tú ag do mháithrín, a dheartháirín ó?
Céard fhágfas tú ag do mháithrín, a phlúr na bhfear ó?
Dá bhfágfainn saol brách aici,
D’fhágfainn croí cráite aici,
Tá mé tinn fó mo chroí agus bead go deo deo.

Céard fhágfas tú ag do chleamhnaí, a dheartháirín ó?
Céard fhágfas tú ag do chleamhnaí, a phlúr na bhfear ó?
Ó, fuacht fada agus seachrán,
’S oíche ar gach bothán,
Tá mé tinn fó mo chroí agus bead go deo deo.

Céard fhágfas tú ag do bhean phósta, a dheartháirín ó?
Céard fhágfas tú ag do bhean phósta, a phlúr na bhfear ó?
Ó, ifreann mar dhúiche aici,
Na flaithis bheith dúnta uirthi,
Tá mé tinn fó mo chroí agus bead go deo deo.

show more

Share/Embed